puella是什么牌子衣服| 兔死狐悲是什么生肖| 长白班是什么意思| 老玻璃是什么意思| 飞机加什么油| 清酒和白酒有什么区别| 大脑供血不足头晕吃什么药最好| 矫正度数是什么意思| 蝉为什么要脱壳| 中午吃什么饭家常菜| 朋友圈ps是什么意思| 凝固是什么意思| 八面玲珑是什么数字| 压迫是什么意思| 5.20是什么星座| 一个目一个敢念什么| 余沧海为什么是两个人| 蛇头是什么意思| 视力模糊什么原因| 中出是什么意识| 天庭是什么意思| 为什么受伤总是我| 乳痈是什么意思| 什么季节掉头发最厉害| 山的五行属什么| 痔疮是什么病| 口苦吃什么药最好| 睡觉经常流口水是什么原因| 天蝎座什么象星座| 紫药水是什么| mild是什么意思| 秋后问斩是什么意思| 英雄难过美人关是什么意思| 245是什么意思| 湿疹是因为什么引起的| 情人节送什么给女孩子| 阴唇外翻是什么原因| 发量少适合什么发型| 孕早期头晕是什么原因| 什么情况下需要做心脏造影| 榴莲和什么食物相克| 增强ct是什么意思| 玉五行属什么| 黑毛茶是什么茶| 3月29号是什么星座| 喝什么水最好| xo是什么意思| 今年温度为什么这么高| 马蜂泡酒有什么功效| 防血栓是什么意思| 免疫组织化学染色诊断是什么| 四月十七是什么星座| chb是什么意思| 上眼皮突然肿了是什么原因| 芙蕖是什么意思| 来月经吃什么对身体好| 阴虚什么意思| 缠足是什么时候开始的| 经期吃榴莲有什么好处和坏处| 尿急尿痛吃什么药| 慢性炎伴鳞化是什么意思| 郭靖黄蓉是什么电视剧| 无所不用其极是什么意思| 身份证最后四位数代表什么| 晚上梦到蛇是什么意思| 什么血型的人招蚊子| 四月十四日是什么节日| 大马猴是什么意思| 尿蛋白质弱阳性是什么意思| 台湾什么时候收复| 打飞机什么意思| 灵犀是什么意思| 小儿流鼻涕吃什么药好| 五液是指什么| ti什么意思| 老年痴呆挂什么科| 维生素c不能和什么一起吃| 茉莉花长什么样| 烧伤病人吃什么恢复快| 什么人容易得红斑狼疮| 景色奇异的异是什么意思| 人鱼小姐大结局是什么| 什么东西能补肾壮阳| balance什么意思| 马骝是什么意思| 多囊卵巢综合症有什么症状| 为什么脚底会脱皮| 手信是什么意思| 四叶草是什么牌子| 一月九号是什么星座| gris是什么颜色| 小孩鼻子出血什么原因| 玛丽珍鞋是什么意思| 拉肚子吃什么药比较好| 鼻咽炎有什么症状| 回肠荡气什么意思| 乳腺炎吃什么药| 脑梗是什么原因造成的| 西柚是什么季节的水果| 为什么家里有蟑螂| 歇斯底里是什么意思| 左是什么结构的字| 财星是什么意思| 表水是什么意思| 什么茶好喝又对身体好| 经期吃什么缓解痛经| 头皮屑多是什么原因怎么去除| 身上湿气重吃什么药| 例假不能吃什么水果| reading是什么意思| 什么然泪下| 卵巢是什么| 周吴郑王是什么意思| 肚子疼用什么药好| 局气是什么意思| 马蹄南去人北望是什么歌| 双星座是什么意思| 脆豆腐是什么做的| 09年属什么| 低gi是什么意思| 梦到绿色的蛇是什么意思| 胆囊壁结晶是什么意思| 尿痛什么原因| 阳光明媚是什么意思| 中途疲软吃什么药| 什么是冰丝面料| 什么叫血氧| 防晒霜和隔离霜有什么区别| 骨骺是什么意思| 出道是什么意思| 脖子粗挂什么科| 吃什么药能让月经推迟| 12月22号是什么星座| 身是什么结构的字| 怀孕早期需要注意什么| mri什么意思| 眼睛红吃什么药| 煦字五行属什么| 遥不可及是什么意思| 你的名字讲的什么故事| 巳蛇五行属什么| 2001年属蛇的是什么命| 农历六月六是什么节日| 陈百强属什么生肖| 什么叫五福临门| 早上打碎碗是什么兆头| 麻油是什么| 突然全身抽搐是什么病| 人身体缺钾是什么症状| 什么是六合| 违法是什么意思| 结石是什么原因引起的| girls是什么意思| 菏泽有什么好玩的地方| 为什么来月经会头疼| 塑料袋是什么垃圾| span是什么意思| 倒刺是什么原因引起的| 自费是什么意思| 心悸是什么原因造成的| 日什么月什么的成语| 孔雀开屏寓意什么意思| 老放屁吃什么药好| 94年属狗的是什么命| 为什么针灸后越来越痛| 基友什么意思| 发字五行属什么| 橙色加绿色是什么颜色| 茉莉花有什么功效| 头很容易出汗什么原因| 有什么症状是肯定没怀孕| 叫床是什么意思| 鲱鱼为什么那么臭| kpa什么意思| 什么是老公| 减肥可以吃什么菜| 带状疱疹不能吃什么食物| 红色属于五行属什么| 菩提有什么寓意| 德育是什么| 六月是什么星座| 香水前调中调后调是什么意思| 骡子是什么意思| 颈椎病用什么药| 喝什么降血糖| 纯爱是什么意思| 毛蛋是什么| 为什么很多人不去庐山| 什么心什么血| 眼角下面长斑是什么原因引起的| 老枞水仙属于什么茶| 坐围是什么| 弦子为什么嫁给李茂| 热能是什么| 痰湿中阻吃什么中成药| 撤侨是什么意思| 抗体弱阳性是什么意思| 怀孕孕酮低吃什么补得快| 淋巴结肿大是什么引起的| 吃什么子宫肌瘤会消除| 梅毒螺旋体抗体是什么意思| 七星瓢虫吃什么食物| 6月26日是什么日子| 扔枕头有什么忌讳吗| 为什么明星都不戴黄金| 乙肝阳性是什么意思| 左眼一直跳是什么原因| 胆固醇高吃什么食物最好| 为什么打喷嚏会漏尿| 为什么吹空调会咳嗽| 疱疹性咽峡炎吃什么药| 什么食物含维生素b12最多| 肛门瘙痒用什么药最好| 清明上河图描绘的是什么季节的景象| 26度穿什么衣服合适| 什么的原始森林| p5是什么意思| 小孩肚子疼吃什么药| 吃什么对胆囊有好处| 天蝎座和什么星座不合| 床头朝什么方向是正确的| 最大的淡水湖是什么湖| 温柔的动物是什么生肖| 掉睫毛是什么原因| 空调出的水是什么水| 冠冕堂皇是什么意思| 骨科什么意思| 六月二十三号是什么星座| 头发掉的多是什么原因| 跖疣长什么样| 什么是盆地| dob值阳性是什么意思| 神经电生理检查是什么| 查询电话号码拨打什么| 女人为什么会宫外怀孕| 复合维生素b片主治什么病| 哲字五行属什么| 手心脚心出汗是什么原因| 睡前一杯牛奶有什么好处| 170是什么号码| 憧憬未来是什么意思| 国安局是什么单位| 四级军士长是什么级别| 什么的虫子| 白带发绿是什么原因| 滑囊炎吃什么药| d表示什么| 布施什么意思| 梦见自己抬棺材是什么意思| 阻力是什么意思| 吃什么东西降尿酸| 什么叫肌酸激酶| 高脂血症是什么意思| 乌龟代表什么生肖| 口疮是什么原因引起的| 红旗代表什么生肖| 体面什么意思| 苡字取名寓意是什么| 牵牛花是什么颜色| alk是什么意思| 渣滓是什么意思| 水球是什么| 1年是什么朝代| 尿发红什么原因| 百度Jump to content

为什么会胰岛素抵抗

ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is alt faoi oileán na héireann agus an tír ina hiomlán é seo; tá ailt ar leith faoi éire (Poblacht na héireann) agus faoi Thuaisceart na héireann freisin. I gcomhair ciall eile den fhocal, féach éire (idirdhealú)
Bosca Geografaíocht Pholaitiúiléire

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53° 21′ 04″ N, 7° 55′ 16″ O / 53.351°N,7.921°W / 53.351; -7.921
Daonra
Iomlán6,572,728 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús77.86 hab./km2
Tíreolaíocht
Cuid dena hOileáin Cheilteacha
Na náisiúin Cheilteacha Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla84,603[1]
Tomhas260 km Cuir in eagar ar Wikidata (Amplada) × 450 km Cuir in eagar ar Wikidata  (Llargada) default
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach, Muir éireann, Muir Bhreatan agus Sruth na Maoile Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeCorrán Tuathail (1,041 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
百度 1月18日,科研部第五届全国文明单位揭牌仪式在中央党校举行。

Is oileán í éire atá suite amuigh ó chósta iarthuaisceart mhórthír na hEorpa, siar ón mBreatain Mhór, in oirthear an Aigéin Atlantaigh thuaidh.

Sa mhiotaseolaíocht Ghaelach, ba bhandia eapainmneach na héireann í ériu, iníon Ernmas de chuid na Tuatha Dé Danann. B'é Mac Gréine a fear céile.

Tá díospóid faoi sanasaíocht ériu ach d’fhéadfadh sí a bheith díorthaithe ón bhfréamh Próit-Ind-Eorpais *h2uer, ag tagairt d’uisce ag sileadh.[2] ós rud é go ndéanann 'ériu' ionadaíocht do bhandia na héireann, go minic léirítear í mar phearsantú na héireann. Is í "ériu" an fhoirm ársa don logainm "éire" a bhíonn in úsáid sa lá atá inniu ann.

Tíreolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Topagrafaíocht

Labhraítear go minic sa Ghaeilge ar Leath Mhogha agus Leath Choinn. Clúdaíonn leath Mhogha an chuid tíre atá ó dheas ó Eiscir Riada, agus Leath Choinn an chuid eile.

Tá an tír, ar ar thug na Rómhánaigh Hibernia, 486 ciliméadar (301 míle) ó thuaidh aneas, agus 275 ciliméadar (171 míle) anoir aniar. Tá maigheanna móra i lár na tíre, cuid mhaith díobh clúdaithe le portaigh, agus tá an-chuid cnoic agus sléibhte mórthimpeall orthu, ach níl mórán acu an-ard. Is é Corrán Tuathail i gContae Chiarraí an ceann is airde (1041 méadar).

Tá talamh mhaith san oirthear in áiteanna, agus déantar an-chuid curadóireachta, mar shampla ar chruithneacht, eorna, biatas siúcra agus torthaí. San iarthar, níl an oiread sin curadóireachta, mar go bhfuil an aeráid agus an talamh tais cuid mhór den bhliain, agus an talamh níos boichte i go leor áiteanna. Tógáil eallach agus caorach, maraon le ba bainne, an sórt talmhaíochta a chleachtaítear ansin don chuid is mó. Fanann siadsan amuigh faoin aer an bhliain ar fad de ghnáth, mar níl an aimsir in éirinn chomh crua le tíortha eile i dTuaisceart na hEorpa mar gheall ar Shruth Murascaille Mheicsiceo. Féach Bóithre agus mótarbhealaí in éirinn mar tuilleadh eolais faoi na bóithre agus na mótarbhealaí ar fháil in éirinn.

Aimsir bhog fhliuch is gnách a bheith in éirinn. Tá tionchar mór ag Sruth Mhurascaill Mheicsiceo uirthi. Is ag an ngaoth aniar aneas atá an tionchar is mó ar an aimsir, agus tig sruth na Murascaile ón treo céanna. Tugann sí aer te isteach ón gCairib, a bhailíonn an-chuid taiseachta ar a bealach trasna an Atlantaigh Thuaidh. Cé go bhfágann sin nach mbíonn mórán fuachta nó sneachta ann sa gheimhreadh, ná teochtaí ró-ard sa samhradh, is minic a bhíonn an tír an-ghaofar agus tais, rud a bhíonn le sonrú sa gheimhreadh go háirithe.

Flóra agus fána

[cuir in eagar | athraigh foinse]

ós rud é go raibh an t-oileán scartha amach ó mhór-roinn na hEorpa de bharr ardú mara ag deireadh na hoighearaoise, níl a leithéid d'éagsúlacht ainmhithe is a bhfuil le fáil sa Bhreatain nó ar mhórthír na Eorpa. Na speicis a fhaightear go flúirseach ná an sionnach, an ghráinneog agus an broc; chomh maith leis an giorria, an fia rua agus an cat crainn i líonanna níos lú. Tagtar ar roinnt ainmhithe mara i bhfarraigí an oileáin freisin, mar atá an turtar mara, an siorc, an rón, an míol mór agus an deilf.

Níl nathair ar bith le fáil, agus is í an laghairt an t-aon reiptíl a fhaightear ann.

I measc na speicis díofa a chuaigh i léig ná an fia mór, an fhalcóg mhór agus an mac tíre. Tugadh an t-iolar fíréan isteach arís, tar éis dó a bheith imithe leis na glúinte.

Tá beagnach seacht milliún duine in éirinn agus cúig milliún sa Phoblacht.[3] Is de bhunadh Ceilteach an chuid is mó den daonra, a tháinig i dtír ó mhór-roinn na hEorpa thar na cianta. Bhí cuid mhaith inimirce, freisin, ó am go ham ó thíortha eile, go háirithe as Alba, agus ar bhonn níos lú, as Sasana. Is Caitlicigh formhór (os cionn 70%) an daonra. Is Protastúnaigh formhór na coda eile, beagnach leath na ndaoine i gCúige Uladh, agus iad roinnte idir eaglaisí éagsúla, go háirithe Preispitéirigh agus Anglacaigh (a bhaineann le hEaglais na héireann. Féach ar an alt Creideamh in éirinn le tuilleadh sonraí).

íomhá éireann i ndathanna cearta, déanta ag satailít NASA ar 4 Eanáir, 2003. Is féidir Alba, Oileán Mhanann agus an Bhreatain Bheag a fheiscint soir uaithi.

ó 1922 i leith, tá an t-oileán roinnte idir Saorstát éireann (1922-1937) nó éire (1937-inniu) agus Tuaisceart éireann. Tá na sé chontae i dTuaisceart éireann mar chuid den Ríocht Aontaithe, agus tá an chuid eile den tír ina Stát neamhspleách. Ní minic a tugtar "na sé chontae" ar Thuaisceart éireann, agus "na sé chontae is fiche" nó "an Phoblacht" ar an gcuid eile den tír.

Tá cáil ar na Gaeil ó thús a gcuid staire sa cheol. Bhíodh ceoltóirí agus cumadóirí ceardúla go fairsing sa tír faoi na sean-ríthe agus flatha, go dtí gur chuir Cath Chionn tSáile deireadh leis an seanchóras Gaelach. As sin amach, leanadh den cheol, ach ba cheol tíre an chuid ba mhó de, le ceol rince agus oibre san áireamh.

Níos déanaí, tháinig foirm amhránaíochta gan tionlacan ar aghaidh, ar a dtugtar an sean-nós. Tá sé seo láidir fós, go háirithe i nGaeltachtaí Chonnacht. Tá traidisiúin ceol fidle láidir i gcuid mhór den tír, ach castar ceol traidisiúnta freisin ar an gcruit, ar an bhfeadóg stáin, agus ar an mbosca ceoil go forleathan. Bhíodh rincí traidisiúnta go rialta ag na crosbhóthair go dtí na 1950í, ach ina dhiaidh sin ba sna hallaí rince ba mhó a bhí ceol le haireachtáil go beo. Ar ndóigh chuir an disco tarraing i gcónra na mbannaí agus na hallaí ceoil, cé go leanann cuid acu go fóill.

Maraon leis an gceol, tá cáil ar na Gaeil leis an scríbhneoireacht. San fhichiú céad agus sa 21ú céad is i mBéarla atá an chuid is mó den scríbhneoireacht seo, ar aon dul leis an titim ar úsáid na Gaeilge thar an achar sin.

I measc na scríbhneoirí suntasacha éireannacha tá James Joyce, Samuel Beckett, W. B. Yeats agus Seamus Heaney.

Na meáin chumarsáide

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an chuid is mó de na meáin i bPoblacht na héireann bunaithe i mBaile átha Cliath. Is iad na príomhnuachtáin ansin an Irish Times, an Irish Independent, agus le cúpla bliain anuas an Irish Examiner. Bhí an Cork Examiner ar an nuachtán seo ar feadh blianta, ach bheartaigh siad díol náisiúnta a thabhairt dó, agus athainmníodh mar sin é. Tá eagráin d′éireann ag go leor de nuachtáin Shasana, ach is ionann formhór an ábhair. Tá díol leathan ar an Belfast Telegraph agus an Irish News as Béal Feirste, ach níl mórán díol nó glaoch orthu ó dheas go dtí seo. Bhí an Irish Press, Sunday Press agus Evening Herald an-tábhachtach go dtí na 1970í, agus iad á riaradh ag muintir éamon de Valera. Tá nuachtáin ar leith a fhoilsítear ar an Domhnach, ar nós an Sunday Independent ó fhoilsitheoirí an Irish Independent, an Sunday World. Tá dhá nuachtán Gaeilge ann: (atá laethúil, as Béal Feirste) agus Foinse (atá seachtainiúil, as An Cheathrú Rua).

Is é Radio Telefís éireann an príomhchraoltóir ó dheas, le trí bealach teilifíse sa chuid is mó den tír: RTé a hAon, RTé a Dó agus TG4. Tá TV3 agus Channel 6 neamhspleách ón stát. Tá an BBC ag craoladh ón oirthuaisceart, chomh maith le hUTV atá neamhspleách ón rialtas ó thuaidh. Tá tábhacht fós leis na craoltóirí náisiúnta ar an dá thaobh den teorann, ach tá an-éisteacht anois le stáisiúin neamhspleácha.

éire réamhstairiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn tréimhse na hoighearaoise deireanaí agus go dtí thart ar 10,000 RCh, clúdaíodh oighir go tréimhsiúil formhór na héireann. Bhí leibhéil na farraige níos ísle agus bhí éire, cosúil leis an mBreatain Mhór, mar chuid de mhór-roinn na hEorpa. Faoi 16,000 RC, ba chúis le hardú na farraige de bharr leá oighir éire a bheith scartha ón mBreatain Mhór. Níos déanaí, timpeall 6000 RCh, scaradh an Bhreatain Mhór ó mhór-roinn na hEorpa. Go dtí le déanaí, thug dátaí an fhianaise is luaithe le fios go raibh gníomhaíocht dhaonna in éirinn thart ar 12,500 bliain ó shin, arna léiriú ag cnámh béir búistéireachta a fuarthas in uaimh i gContae an Chláir.[4] ó 2021, tugann dátaí an fhianaise is luaithe le fios go raib gníomhaíocht dhaonna in éirinn ann 33,000 bliain ó shin.[5]

Príomhalt: Stair na héireann

Deirtear gurbh iad clanna Míle an slua mór deireanach a tháinig i dtír, is a thug an chuid is mó den chultúr Gaelach dúinn a bhfuil aithne fós air. Roimhe sin bhí grúpaí eile ann dar leis na seanscéalta, ar nós na bParthalónach, agus na bhFear Bolg.

Legananny Dolmen

Tháinig an Chríostaíocht go héirinn nuair a chuir an Pápa Celestine I Palladius go héirinn in AD 430. Ach ba é Naomh Pádraig, saoránach Rómhánach de bhunadh Breatnach, ar éirigh leis an chreideamh nua a thabhairt go héirinn ó 432 ar aghaidh. Seachas mar a tharla i go leor tíortha eile, ní raibh aon chath mór i gceist, ach gur chloígh an eaglais seanchreideamh na nGael diaidh ar ndiaidh.

Ní raibh tionchar mór díreach ag na Rómhánaigh ar éirinn mar a bhí acu ar an gcuid eile d'iarthar na hEorpa. Ach bhí na Lochlannaigh is na Danair ag ionsaí na tíre ón 9ú haois, agus ba iad na Lochlannaigh a chuir tús le bailte móra na héireann, agus a rinne ruaigeanna ar na mainistreacha agus ar na tithe móra. Mar shampla, chuireadar Baile átha Cliath ar bun i 841. Chuir na Gaeil le chéile ina dhiaidh sin, agus thoghadar an chéad Ard-Rí sa bhliain 1003. Cé nach raibh cumhacht mhór aige, thógadh an rí ba láidre an teideal de ghnáth. Ag Cath Chluain Tarbh, chloígh na Gaeil slua Lochlann ar deireadh, cé gur maraíodh Brian Bóirmhe, ceannaire na nGael.

Sa 12ú haois, ba iad na Normannaigh a tháinig i dtír. Bhí Diarmuid Mac Murchadha Caomhánach san oirdheisceart i dtrioblóid lena chuid talún agus le tiarnaí eile sa chuid sin tíre, agus d'iarr sé cúnamh ar Rí Anraí II Shasana i 1171. Chuir Anraí Strongbow, tiarna Normannach ón mBreatain Beag, i gcúnamh air. Ach má tháinig, d'fhan na Normannaigh, agus cé gur iomaí cath a troideadh, de réir a chéile ghlac siad seilbh ar thailte agus caisleáin agus bailte na héireann. Do lean cumhacht na nGall in éirinn, óir choinnigh fórsaí rí Shasana smacht ar an gcuid den tír timpeall ar Bhaile átha Cliath, an baile is mó a bhí faoi smacht na Lochlannach agus na Normannach ina ndiaidh. Laistigh de dhá ghlún, bhí rialtas lárnach i mBaile átha Cliath, faoi stiúir dhíreach rí Shasana. I 1297 cuireadh an chéad pharlaimint ar bun, ach b'iad siúd de shliocht Gallda amháin a thogh agus a shuigh sa pharlaimint sin. ó thús an 14ú haois, bhí Gaelú le sonrú imeasc na nGall a bhí fanta in éirinn, agus cuireadh Dlithe Chill Chainnigh i réim i 1366, a chuir scoilt idir Ghaeil agus Gall-Ghaeil. I ré na dTúdarach, cuireadh breis máistreacht ar an tír, agus i 1494 cuireadh Dlí Poynings i réim. Thug sé sin cead do Rí Shasana dlíthe nua ó pharlaimint Bhaile átha Cliath a chosc. I 1534 deineadh Tiarnaí Tánaiste de Iarlaí Chill Dara, agus i 1541 ghlac rí Shasana an teideal "Rí na héireann" chomh maith. Sna blianta a lean, cuireadh brú ar na tiarnaí Gaelacha a dtailte a bhronnadh ar rí Shasana, ionas go dtabharfaí ar ais dóibh é mar dheontas ríoga, agus teideal Gallda ag dul leis. Ar ndóigh, chuaigh sé seo i gcoinne ghnás na nGael go mór, ach de réir a chéile ghlac go leor leis an réiteach seo.

Caisleán Cahir

De réir a chéile, leath cumhacht Shasana ón bPáil ar fud na tíre, trí chathanna, géilleadh na dtiarnaí Gaelacha don Choróin, agus le cur fúthu ag tiarnaí agus móraibh eile Sasanacha.

Ba é Cath Chionn tSáile i 1601 an iarracht mhór deiridh a rinneadh leis na Gaill a ruaigeadh as éirinn. Bhí an baile i seilbh na Spáinneach, ach bhí ar arm na nGael teacht aduaidh ó chúige Uladh i lár an gheimhridh agus bhí an bua ag na Sasanaigh orthu. Tar éis Chath Chionn tSáile, thréig formhór na dtiarnaí Gaelacha an tír mar go raibh deireadh bunúsach leis an gcóras Gaelach, iTeitheadh na nIarlaí. D'imigh siad leo go dtí an mhór-roinn, go háirithe don Fhrainc agus don Spáinn. Ina dhiaidh sin ba de bhunadh Sasanach a bhí tiarnas na tíre, agus bhí na gnáthdhaoine an-bhocht.

Bhí tionchar mór ag Cogadh Cathartha Shasana, idir an rí agus lucht na parlaiminte, ar éirinn i rith na 1640í. Buaileadh taobh an rí ar deireadh, agus cuireadh an Rí Séarlas I Shasana, chun báis ar 30 Eanáir, 1649. Tháinig Oilibhéar Cromail go éirinn ar 15 Lúnasa 1649 mar rialtóir míleata agus sibhialta na Parlaiminte le smacht a chur ar an tír. Cuimhnítear air go háirithe mar gheall ar an slad a dhein sé i nDroichead átha ar an 11 Meán Fómhair 1649 agus i mbaile Loch Garman ar an 11 Deireadh Fómhair 1649. Tar éis do Chill Chainnigh géilleadh dó ar 27 Márta 1650, d'fhág sé an tír ar 25 Bealtaine, 1650.

Faoin mbliain 1660, tugadh parlaimint Bhaile átha Chliath chun saoil arís, agus tháinig an Rí Séarlas II Shasana i gcoróin. Deineadh an chuid is mó den choilíniú in éirinn i rith an 17ú céad. Cuireadh tiarnas Protastúnach, de bhunadh Sasanach, i seilbh ar an gcuid is mó agus is fearr de thailte na héireann, agus is acu freisin a bhí an chuid is fearr de na gnóthaí sna bailte freisin. ón 17ú hAois go deireadh an 18ú haois, bhí na Péindlíthe nó na Dlíthe Peannadacha, a rinne leatrom ar Chaitlicigh agus Preispitéirigh i bhfeidhm, cé nár imigh a rian go ceann i bhfad ina dhiaidh seo.

Tháinig an Rí Séamus II Shasana (Séamus a 'Chaca) i réimeas i 1685, ach i 1688 tháinig Liam Oráisteach i dtír i Sasana. I 1689 tháinig Séamus go héirinn tar éis dó a bheith ar a theitheadh sa bhFrainc. I 1690 tháinig Liam go héirinn, agus bhuail sé fórsaí Shéamuis ag Cath na Bóinne ar 1ú Iúil 1690, nó sa bhféilire nua, ar an 12ú Iúil, an lá a dhéanann an Ord Oráiste ceiliúradh ar an gcath. Bhuail fórsaí Liam cinna Shéamuis arís i 1691, ag Cath Eachdhroime, agus ag Conradh Luimnigh, conradh a bhfuil cáil air mar chonradh nár comhlíonadh, ghéill Pádraig Sáirséal, ar thaobh Shéamuis agus na nGael, d'fhórsaí Liam.

Deineadh iarracht ar leith ar an gcoilíniú i gcúige Uladh, tré mórán gnáth-Shasanaigh agus gnáth-Albanaigh a thabhairt isteach agus seilbh a thabhairt dóibh ar thailte sa chúige sin. Is as sin a leanann méid an phobail Aontachtach (go príomha Protastúnaigh) sa chúige sin, agus féachann siad siar fós go Cath na Bóinne, mar gurb é bua an Rí Liam ar Rí Séamus a thug tús áite don Phrotastúnachas i Sasana agus in éirinn.

Ag deireadh an 18ú chéid, leath tuairimí an Soilsiú ón Mór-Roinn, tuairimí a bhí daonlathach agus poblachtach seachas bheith ag brath ar chumhacht an rí. Mar chuid de sin, bhí an-chaint ar na tuairimí seo imeasc cuid de lucht ceannais na tíre agus daoine eile le scolaíocht. D'aontóidís idir Chaitlicigh, Phrotastúnaigh agus Easaontóirí i náisiún amháin. Bhí sé seo tábhachtach san éirí Amach i 1798, agus cé gur i gcoinne smacht Gallda a bhí sé, ba Phrotastúnaigh de bhunadh Sasanach cuid mhaith de na ceannairí. Bhí aighneas i gContae Loch Garman, m.sh. Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh le hInis Córthaidh. I gContae Mhaigh Eo d'éirigh chomh maith leis an aiséirí le cuidiú Francach gur tugadh Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar theitheadh na nGall. Ní hamháin nár éirigh leis an éirí amach, ach reáchtáladh Acht an Aontais i 1800 i bparlaimint Bhaile átha Cliath, rud a chuir deireadh leis féin.

Bhí na Péindlíthe fós i réim in éirinn, agus cé nár cuireadh i bhfeidhm iad mórán faoin am seo, chuir siad coscanna ar Chaitlicigh go háirithe. Bhí Domhnall ó Conaill, a bhí ina theachta parlaiminte, an-ghníomhach sa troid le haghaidh cothrom na féinne a thabhairt do ghnáthmhuintir na tíre, a bhí an-bhocht agus arbh Chaitlicigh iad don chuid is mó. Reáchtáladh an Acht Um Shaoirse Chaitliceach sa mbliain 1829 a thug ceart do Chaitlicigh bheith ina dteachtaí parlaiminte, agus glacadh le hoifigí sa saol cathartha agus míleata.

I rith an 19ú haois, bhí aighneas ar son na saoirse ó am go ham. Bhí éirí amach in 1803, agus múchadh go héasca é, agus cuireadh an ceannaire, Robert Emmet, chun báis. Timpeall na bliana 1845 a chuir Michael Davitt ón Sráid i gContae Mhaigh Eo Conradh na Talún ar bun. Is é a bhí á iarraidh acu ná cíos cothrom, ceart seilbh agus cead díolta. Bhí Conradh na Talún ar bun ar fud na tíre. Bhí éirí Amach freisin in 1848. Theip ar an éirí amach sin, mar a theip ar gach ceann roimhe.

Foirgnimh na Parlaiminte ag Stormont, Béal Feirste, ionad an chomhthionóil

Ag deireadh an 19ú haois, bhí Páirtí Parlaiminteach na héireann (Irish Parliamentary Party) gníomhach ag lorg saoirse don tír. Ba é Charles Stewart Parnell a bhí ina fheighil ar feadh i bhfad, ach nuair a cuireadh cairdeas a bhí aige le bean pósta Kitty O'Shea, ina leith, chuaigh an eaglais Chaitliceach ina choinne, agus uaidh sin thréig muintir na tíre é, gur chaill sé a cheannaireacht i 1890. Ina dhiaidh siúd, bhí John Redmond i bhfeighil ar an bpáirtí, agus lean siad go dtí gur éirigh le Sinn Féin uimhir mór feisirí a thoghadh i 1918, tar éis éirí Amach na Cásca i 1916. Ní raibh ag páirtí Redmond ach seachtar fheisire, an chuid is mó in Ulaidh (ceann amháin i Learpholl).

Chuir Sinn Féin an Chéad Dáil ar bun i 1919 i mBaile átha Cliath mar gur acu a bhí bunús na bhfeisirí a toghadh go parlaimint Londain. Reáchtáladh Acht Rialtais éireann i Londain i 1920, agus cé go raibh saoirse d'éireann i gceist, deir R.F. Foster ina leabhar, Modern Ireland, go raibh sé an-soiléir go mbeadh críochdheighilt freisin, mar go raibh rogha le bheith ag muintir an oirthuaiscirt gan a bheith páirteach sa neamhspleáchas. Go deimhin, cé go ndeachaigh an Bille um Riail Baile tríd an dteach íochtarach i Sasana i 1914, chuir Teach na dTiarnaí an oireadh athraithe air nár fhéadadh é a thabhairt i gcrích.

Ina dhiaidh seo, thosaigh Cogadh na Saoirse a lean go dtí an Conradh Angla-éireannach i 1919. Ach ní raibh aontas faoin gconradh, mar gur aithin sé críochdheighilt na tíre, agus as seo a tháinig an Cogadh Cathartha nó Cogadh na gCarad, a bhí chomh crua céanna le Cogadh na Saoirse. Ach buaileadh an taobh Poblachtach a chuir i gcoinne an Chonartha, agus bhí rialtas neamhspleách anois sna 26 chontaetha ó dheas. Tá na sé chontaetha ó oir-thuaidh sa Ríocht Aontaithe ó shin, i ríocht Thuaisceart éireann.

Foireann rugbaí náisiúnta na héireann ag imirt i gcoinne na Seoirsia (2007)

Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na héireannaigh. Is iad iomáint, peil Ghaelach, camógaí agus liathróid láimhe na cluichí Gaelacha. Is é Cumann Lúthchleas Gael an eagraíocht atá i gceannas ar na cluichí seo. Tá suim ag go leor daoine sa sacar freisin, agus faigheann foireann sacair náisiúnta Phoblacht na héireann a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá galf, snúcar agus rugbaí coitianta freisin. Imríonn foireann rugbaí náisiúnta na héireann (agus an Cumann Rugbaí na héireann) ar son an oileáin ar fad.

Oileáin na héireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ardeaglais Naomh Muire i gCill Chainnigh

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Tá ort na hargóintí 'teideal =' agus 'url =' a shonrú nuair a úsáideann tú {{ lua idirlín}}."".
  2. Ní Mhurchú, Síle (2017). "ériu". In Echard, Sian; Rouse, Robert (eds.). The Encyclopedia of Medieval Literature in Britain, (as Béarla). Chichester: John Wiley & Sons. p. 750. ISBN 978-1-118-39698-8. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 5 February 2021. Aisghafa 26 October 2020. {{cite encyclopedia}}: Unknown parameter |retrieve-date= ignored (cabhair)CS1 maint: extra punctuation (link)
  3. Nuacht RTé (2025-08-14). "5.01 milliún duine ag maireachtáil sa Stát - figiúirí nua" (as ga). 
  4. "Earliest evidence of humans in Ireland". BBC News Online (21 March 2016).
  5. "Reindeer bone found in north Cork to alter understanding of Irish human history" (en). Irish Examiner (2025-08-14).
牙龈肿痛挂什么科 农历今年是什么年 为什么屁多 血脂是指什么 脑部ct挂什么科
插管是什么意思 吃牛肉有什么好处 古筝是什么乐器 热脸贴冷屁股是什么意思 极化是什么意思
什么不平 苹果补充什么维生素 美版苹果和国行有什么区别 耳垂后面有痣代表什么 眼珠子疼是什么原因
坐月子吃什么水果 梦见蛇和鱼是什么意思周公解梦 永字五行属什么 小钙化灶是什么意思 孕妇放屁多是什么原因
为什么老做梦hcv7jop9ns9r.cn 痛经不能吃什么hcv8jop1ns5r.cn 铁饱和度低什么原因bjhyzcsm.com peace是什么牌子luyiluode.com 低血压吃什么药效果好hcv9jop7ns5r.cn
1996年属什么的hcv9jop7ns2r.cn 红牛加什么提高性功能hcv9jop5ns8r.cn 土鳖吃什么hcv9jop0ns8r.cn 关爱是什么意思hcv8jop2ns9r.cn 压床是什么意思xjhesheng.com
清热去火喝什么茶hcv8jop2ns4r.cn 餐边柜放什么东西hcv9jop4ns7r.cn 芹菜吃多了会有什么影响youbangsi.com 农历六月十一是什么星座hcv8jop8ns9r.cn 胃阴虚吃什么药xinjiangjialails.com
apm是什么牌子hcv8jop7ns6r.cn 琀是什么意思hcv8jop8ns3r.cn cst是什么时间hcv9jop2ns1r.cn 蔬菜有什么hcv8jop3ns9r.cn 八字五行属什么hcv7jop6ns7r.cn
百度